Mobile Version  |  Register  |  Login
home  |  speak out!  |  content zone archives  |  "speak out!" archives  |  vote on it  |  soap opera  |  pub crawl  |  links  |  contact us  |  search  
 Follow us! 
Content Zone
Fri 16-Nov-2007 19:30 More from this writer.. An tIriseoir
GAME OF SHAME Baile Átha Claith v Gaillimh 1983
GAME OF SHAME Baile Átha Claith v Gaillimh 1983

RTE 1 7.30pm Dé Luain, 26ú Samhain


Tá Cluiche Ceannais na hÉireann ar an lá is tábhachtaigh i bhféilire an Chumann Lúthchleas Gael, agus is iomaí cluiche a chuimhnítear orthu de bharr chomh hiontach s’ a bhi siad agus don phléasúr a thug siad do phobal na tíre.
Ar an drochuair cuimhnítear ar chluiche ceannais 1983 idir Bhleá Claith agus Gaillimh mar gheall ar chúiseanna eile. Bhí an aicsean lán le míofaireacht agus fiántas agus cuireadh ceathrar den pháirc agus bhi an tádh ar roinnt mhaith imreoirí eile fanacht ar an bpáirc.

“Bhí rud feicithe acu nach facthas cheana riamh, cluiche ceannais peile na hÉireann criochnaithe, dosaen imreoir ag taobh amháin agus ceathrardéag ar an taobh eile.” Mártan Ó Ciardha, Raidió na Gaeltachta

Tá sé deacair a mheas cad ba chúis leis na híomhánna uafásacha a mhill an cluiche ceannais. Ni raibh aon fhoréigean sna cluichí a d’imir na foirne roimhe sin. Aisteach go leor bhi an tádh dearg ar Bhleá Cliath agus Gaillimh a bheith sa chluiche ceannais ar chor ar bith, leis na foirne ag aimsiú cúl ciniúnacha deireannach san imirt sna cluichí leath-cheannais. Chríochaigh Bleá’ Cliath cothrom le Corcaigh dá bhuíochas cúl ó Barney Rock leis an gcic deiridh don chluiche, sula bhfuair siad an ceann is fearr orthu san athimirt i bPáirc Uí Chaoimh. D’aimsigh Brian O’Donnell cúl bog do Gaillimh i gcoinne Dhún na nGall sa gcluiche leath-cheannais eile.

Bhí lucht leannta CLG ag súil go mór le cluiche ceannais ’83 idir dhá chontae a raibh tradisiún láidir peile acu, agus b’e an chéad uair nach raibh Ciarraí ann ó 1977.
Bhí na coinníollacha uafásach ar lá an chluiche, le gála gaoithe agus lascadh báistí ag cur bac le haon imirt chruthaíoch, agus de bharr na haimsire bhi an imirt i bhfad níos fisiciúla ná mar ba ghnáthach leis a bheith. Bhi an imirt lán le greamaithe shleamhnach contúirteacha agus bhí sé sách teasaí idir imreoirí don chuid is mó.

“If you study the match again, the first dig was thrown by Galway.”
Barney Rock, Imreoir le Baile Átha Cliath

“Bhi muid ag dul isteach go láidir, níl aon dabht faoi sin. Ní fiú duit a bheith ag imirt peil ghaelach muna dtéann tú isteach crua.”
Brian Talty, Imreoir le Gaillimh

D’aimsigh Barney Rock cúl aisteach ó 40 slat tar éis droch chic amach ó chúl báire na Gaillimhe Padraig Coyne. Ní raibh Gaillimh sásta, iad ag agóid nár chóir don chúl seasamh toisc go raibh bainisteoir Bhleá’ Cliath Kevin Heffernan sa tslí ar an imirt an fhad s’ a bhí sé ag ag tabhairt cúram do Joe McNally a bhi gortaithe. Ach shocraigh an réiteoir John Gough gur chóir don cúl seasamh.


Ansin chuaigh rudaí in olcas do Bhleá’ Cliath..
Tar éis roinnt achrainn i lár na páirce, tharraing Brian Mullins siar lena lámh agus bhuail sé Brian Talty sa phus, agus thit Talty go talamh. Ní raibh an dara rogha ag an réiteoir ach Mullins a chur den pháirc.

“Ma dhíríonn mé m’aigne, cuimhním ar a lán rudaí faoi. Ach thárla sé agus bhí orm glacadh leist.”
Brian Mullins, Imreoir le Baile Átha Cliath

“Tá sé deacair agam cuimhniú siar toisc go raibh an buille chomh cruat! Níl aon chuimhne agam faoi, nó b’fhéidir nach bhfuil aon fonn orm smaoiniú siar.”
Brian Talty, Imreoir le Gaillimh

Díreach roimh leath-am bhí roinnt imreoirí i gcoimhlint lena chéile in aice le Ardán Uí Ógáin agus chuir John Gough gach éinne sa slua faoi dhubh-iontas nuair a shocraigh sé bata agus bóthair a thabhairt do dhuine ó chaon taobh, Ray Hazley as Bleá’ Cliath agus Tomás Tierney na Gaillimhe.

“I mo thuairim féin, níor chóir ceachtar den bheirt a chur den pháirc. Ach b’fhéidir go raibh an tádh ar dhuine eile de na himreoirí s’againne nach eisean a cuireadh off.”
Stephen Joyce, Imreoir le Gaillimh

Shéid an réíteoir an fheadóg i gcomhair leath-am, agus bhí sos-chogaidh de chineál éigin againn, ach bhí roinnt imreoiri in adharca a chéile sa tollán. Is iomaí ráfla atá cloistithe faoi na heachtra sa tollán le blianta, ach cibé a thárla, níor labhair na himreoirí faoi go poiblí riamh. Suntasach go leor, níor fhill Brian Talty ó Ghaillimh ar pháirc na himeartha don dara leath.

“Tháinig Brian Mullins isteach i ndiaidh Brian Talty. Rith mé féin amach roimhe chun é a stopadh.”
Stephen Joyce, Imreoir le Gaillimh

Cúig nóiméad isteach sa dara leath cuireadh Ciaran Duff ó Bhleá’ Cliath den pháirc tar éis do cic a tharraingt ar an Ghaillimheach Pat O’Neill agus é sínte ar an talamh. I bhfoisceacht na súl bhí cheithre fhear déag imirt i gcoinne dhá dhuine dhéag. Droch-lá a rinne dochar do chlú an CLG agus don pheil ghaelach.

“Táim cinnte fós go gcuimhníonn Ciaran siar ar an eachtra sin agus aiféala air.”
Barney Rock, Imreoir le Baile Átha Cliath

Chosain “12 Aspal” Bhleá’ Cliath go fiachmhar, iad ag cur stop le síor-ionsaithe na Gaillimhe agus d’éirigh leo an cluiche a bhuachaint le dhá chúilín. Ach bhain an chonspóid an barr de bhua agus éacht iontach Bhleá’ Cliath.
I ndiaidh an cluiche bhí roinnt toscairí ó Ghaillimh ag cur i leith imreoirí Bhleá’ Cliath go ndeachaigh siad thar fóir, gan aon aird acu ar chuibheas ná fair plé. Ach is í an fhírinne ná nar úsáid Gaillimh an bheirt imreoir breise a bhí acu agus b’shin í an chúis ba mhó lena dtreascairt.


“Bhí na “12 Apostles” tar éis an cluiche a bhaint uainn. Ní raibh sé éasca é sin a thógáil.”
Stephen Joyce, Imreoir le Gaillimh

Ni raibh móran sna nuachtáin lá árna mhárach maidir le tuairisciú faoin gcluiche féin, agus dhírigh siad ar ghráinneacht na himeartha agus ar an droch-mhaorsiú a bhí ag na bealaigh éalaithe agus faoin droch-bhrudán a bhí ar thaobh na canálach agus i gcnocán 16, áit ar sádh leantóir. Tuairiscíodh freisin go raibh aighneas idir leantóirí i ndiaidh an cluiche agus gur caitheadh clocha le busanna ó Ghaillimh agus iad ag fágáil Baile Átha Cliath.

“Don chéad uair i mo shaol leis an fhírinne a rá, bhí mé scanraithe ag cluiche peile. Bhí na corp uilig ag bogadaí.”
Antoin Delap, Leantóir CLG

“Bhí mé sa chnocán, bhí mé 13 ag an am, agus an rud nach féidir dearmad a dhéanamh ar ná an síor-bhrú i measc an slua. Bhi sé scanrúil.”
David Whelan, Leantóir le Baile Átha Cliath

Bhí brú ar na húdaráis sa CLG déíleáil leis an gconspóíd ar pháirc na himeartha go tapaidh, ach thóg sé roinnt mhaith seachtainí orthu réiteach a fháil ar na hábhar smachtúla a bhain leis an gcluiche. Nuair a fógraíodh na píonóis bhí Baile Átha Cliath mí-shásta, iad den tuairim gur orthusan is mó a cuireadh an locht de bharr na conspóide. Cuireadh Ciaran Duff ar fionraí ar feadh bliana, 5 mhí a fuair Brian Mullins, fuair a mbainisteoir Kevin Heffernan tearma fionraíochta 3 mhí agus fuair Ray Hazley mí amháin. Cuireadh píonós ar bheirt ó Ghaillimh, Tomás Tierney agus Peter Lee, a fuair tearma fionraíochta míosa an duine. Gearradh fíneáil ar an dá choiste contae fresin.

“Ar deireadh thiar thall éacht mór ab ea é. Tá bonn bua ag gach duine againn, agus tá bród mór as.”
Brian Mullins, Imreoir le Baile Átha Cliath

Ins an eagrán seo de Scannal, caitheann muid súil siar ar an gcluiche ceannais míchlúiteach sin ó 1983 tré shúile ceathrar a bhí ag imirt, Brian Mullins agus Barney Rock ó Bhleá’ Cliath agus Brian Talty agus Stephen Joyce ó Ghaillimh. Baintear neart úsáid chomh maith as an aicsean ar an bpáirc ón gcartlann. Labhrann na himreoirí faoi na laethanta roimh an gcluiche, na coinníollacha ar an lá féin, na heachtraí a bhain leis na himreoirí a cuireadh den pháirc, an achrainn sa tollán agus faoi na rudaí a thit amach tar éis na himeartha. Cloiseann muid freisin ó Mhártan Ó Ciardha ó Raidió na Gaeltachta a bhí ag obair i bPáirc a’ Chrócaigh ar an lá úd, agus tugann beirt leantóir cuntaisí dúinn faoin eagla a bhí orthu sna hardán mar gheall ar an bplodú.

RTE 1
7.30pm
Dé Luain, 26ú Samhain


Léiritheoir/Stiúrthóir Seán Ó Méalóid

Láithreoir/Tuairisceoir Garry Mac Donncha

Content Zone
‘We talk just like lions, but we sacrifice like lambs…’.
Whatever Happened to….
Anyone you know in your club?
Bin Tags Don't Make a County
‘Some a’ Dem’ Lads are only Dow-en for the Showers….’
Heavenly Hurling: How the Gods pass their time...
GAA Time and Real Time
Saint Patrick and the camogie princesses
Keats and Chapman at the Munster Final
Mass, the Mater, ‘The Dergvale’ and Mullingar…

More "Content Zone" Topics >>


Speak Out!

More "Speak Out!" Topics >>

There are 10,277 members signed up to anfearrua.com
All times are Dublin, Ireland. Always here... with the best in GAA discussion and comment! © An Fear Rua, 2000 - 2017
Bookmark AFR  |  Make AFR your home page About Us  |  Privacy Policy  |  Terms of Use [ Top of Page ]