Mobile Version  |  Register  |  Login
home  |  speak out!  |  content zone archives  |  "speak out!" archives  |  vote on it  |  soap opera  |  pub crawl  |  links  |  contact us  |  search  
 Follow us! 
Content Zone
Tue 02-Oct-2007 17:22 More from this writer.. An tIriseoir
‘Tugann na Madraí aghaidh ar Nua Eabhrach' - Underdogs 2007
Anuraidh ba as peil na mban a roghnaíodh na Underdogs don chéad uair, agus ba fíochmhar an troid idir iad féin agus Seaimpíní Chraobh na hÉireann i bPeil na mBan 2006, Corcaigh.

Tá seó spóirt réaltachta TG4 ar ais! Tar éis an suim ollmhór i ngníomhaíochtaí fhoireann peile na mban sa sraith dheireannach, tá na Underdogs ag lorg cúnamh ó scileanna bainistíocha na roghnaitheoirí Seán Ó Domhnaill (iar-imreoir lár-páirce le Gaillimh agus buaiteoir chraobh ceannais na hÉireann) agus Geraldine Feerick (réalt le foirne iomráiteacha Chontae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo i ndeireadh na 90í). Le chéile cuirfidh siad foireann láidir de pheileadóirí baineann le chéile agus ní bheidh ach 6 mhí acu le laochra domhanda a dhéanamh de thriocha pheileadóirí áitiúla. An dúshlán mór i mbliana: a dhul in adharca le foireann de shárimreoirí Nua Eabhrac thall san "Úll Mór".

Leis an sprioc ollmhór seo a bhaint amach, tá sciúradh déanta ag ár mbeirt roghnaitheoirí lánaimseartha ar fhad agus ar leithead na hÉireann (agus ar a gcuid leabhair seoltaí!) le teacht ar na haoí-roghnaitheoirí is fearr dá bhfuil ar fáil sa tír. Is iad Páidí Ó Sé, Jarlath Burns, Martin McHugh agus John O'Mahony roinnt de na hainmneacha iomráiteacha a thiocfaidh isteach chuile seachtain le comhairle a chur ar an bhfoireann. I dteanta a chéile tá súil acu buaiteoirí idirnáisiúnta a dhéanamh de thriocha stráinséirí.

Ach fiú leis na hainmneacha is mó sa ghnó, an féidir leis na Underdogs an beart a chur i gcrích?

Le haghaidh tuille eolais, cur glaoch ar Mark in Adare Productions ar 01-2843877 nó seol ríomhphost go dtí adare@eircom.net
Photo Sharing and Video Hosting at Photobucket
Seasaigí amach ag an líne!

Photo Sharing and Video Hosting at Photobucket
The Earley bird ... Geraldine Feerick in éindí le réalt mór eile caide, an Lieutenant Ghinearál Dermot Earley.
Content Zone
‘We talk just like lions, but we sacrifice like lambs…’.
Whatever Happened to….
Anyone you know in your club?
Bin Tags Don't Make a County
‘Some a’ Dem’ Lads are only Dow-en for the Showers….’
Heavenly Hurling: How the Gods pass their time...
GAA Time and Real Time
Saint Patrick and the camogie princesses
Keats and Chapman at the Munster Final
Mass, the Mater, ‘The Dergvale’ and Mullingar…

More "Content Zone" Topics >>


Speak Out!

More "Speak Out!" Topics >>

There are 10,277 members signed up to anfearrua.com
All times are Dublin, Ireland. Always here... with the best in GAA discussion and comment! © An Fear Rua, 2000 - 2017
Bookmark AFR  |  Make AFR your home page About Us  |  Privacy Policy  |  Terms of Use [ Top of Page ]